Áit Chónaithe Deireadh Seachtaine Is cábán iascaireachta é seo le radharc sléibhe, ar bhruach Abhainn na bhFlaitheas (‘Tenkawa’ sa tSeapáinis). Déanta as coincréit threisithe, is feadán simplí é an cruth, sé mhéadar ar fhad. Tá foirceann taobh an bhóthair an fheadáin frith-ualaithe agus ar ancaire go domhain sa talamh, ionas go síneann sé go cothrománach ón mbruach agus go bhfuil sé ag crochadh amach thar an uisce. Tá an dearadh simplí, tá an taobh istigh fairsing, agus tá an deic cois abhann oscailte don spéir, do na sléibhte agus don abhainn. Tógtha faoi leibhéal an bhóthair, níl ach díon an chábáin le feiceáil, ó thaobh an bhóthair, agus mar sin ní chuireann an tógáil bac ar an radharc.