Réalta Dhubh Is soitheach maisiúil é Réalta Dhubh atá saothraithe de láimh as adhmad fearnóige. Athraíonn an dearadh speiceas adhmaid nach bhfuil mórán snáithín ná datha ann ina réad atá taitneamhach don tsúil agus suimiúil don tadhall. Cruthaítear an fhoirm sheachtrach trí adhmaddeilbhíocht, agus déantar an taobh istigh a chuasú le huirlisí lúbtha. Druileáiltear go leor poll beag de láimh ansin agus déantar cóin díobh, agus cuirtear ruaimniú oráiste ina mbun. Cuireann peann pireagrafach móitíf beaga réaltaí leis. Faoi dheireadh, dénear an dromchla a ghualú go dubh, rud a chruthaíonn tadhall bog te agus codarsnacht láidir. Tomhaiseann an soitheach 220 faoi 220 faoi 180 milliméadar.